Tá an t-iarTheachta Dála Noel Treacy á chur i gcré na cille ina cheantar dúchais tráthnóna.
Léadh an tAifreann éagnairce dó i mBéal Átha na Sluaighe ag a 2 a'chlog i.n
In aitheasc a thug an Taoiseach,Micheál Martin ag deireadh an Aifrinn,dúirt sé gur Éireannach bródúil ab ea Noel Treacy agus gurb í an tseirbhís bun agus barr a shaoil.
'Níor lorg sé riamh aird ná ceannlínte' a dúirt an Taoiseach.
'D'oibrigh sé go dian dícheallach dá dháilcheantar, ach bhí ardmheas aige freisin ar an Stát agus rinne sé a chion freisin do mhuintir na hÉireann tré chéile' a dúirt an Taoiseach.
Chaith Noel Treacy beagnach 30 bliain ina theachta dála Fianna Fáileach do Ghaillimh Thoir idir 1982-2011, agus chaith sé tréimhse mar Aire Stáit freisin.
70 bliain d'aois a bhí sé nuair a bhásaigh sé i rith na seachtaine.
Maireann a bhean,clann agus garchlann.