English | Gaeilge | Français | Deutsch
Lógó Visitachill.com Trá an Chaoil, Oileán Acla
Home | Teagmháil* | Léarscáileanna & Taisteal* |  (* Ar fáil i mBéarla amháin)

Baile > Nithe is díol spéise do thurasóirí > Túr Chill Dhamhnait

Túr Chill Dhamhnait, Acaill, Co. Mhaigh Eo, Éire


Túr ag Cill Dhamhnait, Oileán Acla, ÉireTá Cill Dhamhnait suite ar an gcladach ag oirdheisceart Oileán Acla, ag féachaint amach ar uiscí Ghob an Choire. Is é brí an logainm 'séipéal beag Dhamhnait' agus tagraíonn sé don naomh ón tseachtú hAois, Naomh Damhnait a thóg séipéal beag anseo.

Ceaptar gur tógadh na hiarsmaí de shéipéal beag atá i gCill Dhamhnait faoi láthair, ar shuíomh an tséipéil a bhí ann ó thús. Ceaptar go dtéann cuid de na hiarsmaí atá ann faoi láthair siar chomh fada leis an 12ú hAois, cé go bhfuil go leor obair athchóirithe déanta ó shin i leith. Bhí an struchtúr atá ann faoi láthair ag feidhmiú mar shéipéal Caitliceach sa 19ú hAois. In aice leis an tséipéil tá reilig ársa Chill Dhamhnait ina bhfuil go leor uaigheanna gan mharc d'íospartaigh ón nGorta (1845-1848), chomh maith le leac chuimhneacháin do na híospartaigh ó thubaiste Chuan Mó na bliana 1894. Díreach taobh amuigh de bhallaí na reilige seo, in aice leis an gcladach, tá tobar Beannaithe.

Túr Ghráinne Mhaol ag Cill Dhamhnait, Oileán AclaTá Túr Chill Dhamhnait suite cúpla céad méadar ón tséipéal ársa feadh an chladaigh. Dea-shampla atá ann de thúrtheach Éireannach ón 15ú hAois. Seasann an foirgneamh trí stór seo ag thart ar 40 troigh (12 méadar) agus tá daingniúcháin theannta ag an mbarr. Is dócha gurb é Clann Uí Mháille a thóg an séipéal thart ar 1429, clann áitiúil a bhí i gceannas. Ach tá aithne níos fearr air mar áit chónaithe an tionónta cáiliúil, banríon mór le rá na bhfoghlaithe mara, Gráinne Mhaol (Gráinne Ní Mháille, 1530-1603).

Tá an Túr suite go straitéiseach in áit thábhachtach, ag faire amach ar uiscí Ghob an Choire, a cheanglaíonn Cuan Mó sa deisceart le Cuan an Fhóid Duibh sa tuaisceart. Le linn ré Ghráinne Mhaol bhí sé ar cheann de a leithéid de dhaingin a raibh smacht aici orthu. Bhí ceann eile i gCliara, a thug deis di smacht a choinneáil ar uiscí Chuan Mó chomh maith leis na farraigí ar chósta iarthar Mhaigh Eo.