Tá an cumadóir amhrán agus an craoltóir aitheanta Shay Healy tar éis bháis. Bhí sé 78 bliain d'aois. 

Ó Dhumhach Thrá i mBaile Átha Cliath, d'oibrigh Shay Healy i dtosach do RTÉ mar cheamaradóir faoi oiliúint ach ní fada go raibh sé ar an dtaobh eile den lionsa.

Bhí suim mhór aige sa cheol agus chuir sé neart cláir ceoil i láthair. Bhí sé le feiceáil go minic ar chláir shiamsaíochta chomh maith. 

Cumadóir amhrán cumasach ab ea Shay Healy agus bhuaigh an t-amhrán 'What's Another Year' a scríobh sé agus a chas Johnny Logan, an Comórtas Eoraifíse i 1980.

Bhunaigh Shay Healy a chomhlacht léiriúcháin féin. I 2004 fuair sé amach go raibh an galar Parkinson air ach lean sé air i mbun oibre.

Bhásaigh a bhean Dympha i 2017. Bhí beirt mhac acu.

Chuir an Taoiseach Micheál Martin a chomhbhrón in iúl ar a chuntas Twitter inniu. Dúirt sé gur thug Shay an oiread áthais do dhaoine nuair a bhuaigh Johnny Logan an Comórtas Eoraifíse agus gur agallóir sciliúil a bhí ann. 

Dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán Catherine Martin gur thug cumadóireacht Shay Healy inspioráid do ghlúin daoine agus gur thit an pobal i ngrá leis mar chraoltóir.